
Ar son CLG Chill Chartha, ba mhaith linn ár mbuíochas ó chroí a ghabháil le gach duine a chuidigh le Comórtas Peile na Gaeltachta 2026 a dhéanamh chomh rathúil.
Do na foirne ar fad a thaistil go Cill Chartha don deireadh seachtaine, míle buíochas libh. In ainneoin go raibh turais fhada le déanamh ag roinnt clubanna, ba iontach an rud é gach foireann a fheiceáil páirteach agus ag baint taitnimh as an ócáid, ar an pháirc agus lasmuigh di.
Le 26 fhoireann san iomaíocht agus 21 cluiche á n-imirt, ní bheadh an comórtas indéanta gan tacaíocht ó ár gcomharsan Gaeltachta, Naomh Columba agus Ard an Rátha, a d’óstáil roinnt cluichí duinn. Táimid fíorbhuíoch den dá chlub as a gcúnamh agus a dtacaíocht i rith an deireadh seachtaine.
Chun a chinntiú go raibh na cluichí á reáchtáil go réidh, bhíomar ag brath go mór ar ár n-oifigigh. Ba mhaith linn buíochas a ghabháil le Pat Walsh, Riarthóir na Réiteoirí, chomh maith le Declan Callaghan, a d’eagraigh na réiteoirí agus na maoir don deireadh seachtaine.
Comhghairdeas leis na clubanna ar fad a bhain craobh amach ina gcomórtais féin – Naomh Columba, Tearmann, Fanad Gaels, agus Gaoth Dobhair. Ar nóta pearsanta, ba é ceann de bhuaicphointí an deireadh seachtaine domsa ná a bheith ag imirt le foireann ban Chill Chartha agus an comórtas Sóisearach a bhuachan i ndiaidh cluiche ceannais corraitheach agus an-chomórtais.
Ba mhaith linn buíochas a ghabháil leis an Coiste Náisiúnta agus coiste Dhún na nGall. Bhí bhur gcuid eolais, treorach agus tacaíochta thar a bheith luachmhar agus muid ag ullmhú agus ag eagrú an ócáid.
Buíochas speisialta leis na foirne meán a d’oibrigh go dian dícheallach i rith an deireadh seachtaine chun clúdach cuimsitheach a chur ar fáil ar na cluichí ar an raidió agus ar an teilifís. Mar gheall ar a gcuid iarrachtaí, bhí deis ag daoine nach raibh in ann teacht go Páirc Tamhnaigh fanacht páirteach agus coinneáil suas leis an aicsean ar fad. Tríd an gclúdach den scoth a chuir TG4 ar fáil, cuireadh ár n-áiseanna agus áilleacht ár gceantair áitiúil os comhair lucht féachana i bhfad is i ngearr.
Mar focail scoir, ba mhaith linn buíochas a ghabháil le gach duine a raibh páirteach i gComórtas Peile na Gaeltachta 2026 in a dhéanamh chomh rathúil. Guímid gach rath ar Lios Póil agus iad ag tosú ar a n-ullmhúcháin chun an comórtas a óstáil in 2027.
















































