
Rinneadh an tarraingt do Chomórtas Náisiúnta Peile na Gaeltachta ag cruinniú cinn bhliana an Chomórtais in Óstán Maldron, Uarán Mór, Contae na Gaillimhe le gairid.
Cúig cinn de chomórtais ar fad a imreofar ag Comórtas Peile na Gaeltachta i gCill Chartha i nGaeltacht Thír Chonaill i mbliana – Comórtais Shóisear agus Shinsear na bhFear chomh maith le Comórtais Shóisear, Idirmheánach agus Shinsear na mBan.
Beidh Comórtas Peile na Gaeltachta ar siúl le linn dheireadh seachtaine na Cincíse idir 29 Bealtaine agus 1 Meitheamh, 2026. Beidh réamhbhabhtaí agus comórtais áitiúla na gcontaetha éagsúla ar siúl uaidh seo go ceann cúpla mí.
Is mar seo a leanas a bheidh leagan amach chomórtais na bliana seo:
Comórtas Sinsear na bhFear
Réamhbhabhta
A Dún na nGall agus Maigh Eo
Cluichí Ceathrú Ceannais
1 Corcaigh agus Ciarraí
2 An Mhí agus An Rinn
3 (A) agus Gaillimh
4 Cill Chartha (Dún na nGall)
Cluichí Leathcheannais
1 v 2
3 v 4
Comórtas Sóisear na bhFear
Cluichí Ceathrú Ceannais
A An Mhí agus Gaillimh
B Na Gaeil Óga (Áth Cliath) agus An Seanphobal (Port Láirge)
C Maigh Eo agus Laochra Loch Lao (Aontroim)
D Ciarraí agus Dún na nGall
Cluichí Leathcheannais
C v B
A v D
Comórtas Sinsear na mBan
Baile Chláir na Gaillimhe (Gaillimh) v Dún na nGall
Comórtas Idirmheánach na mBan
Cluichí Leathcheannais
Dún na nGall v Gaillimh
Comórtas Sóisear na mBan
Cluichí Ceathrú Ceannais
A Dún na nGall v Na Gaeil Óga (Áth Cliath)
B Gaillimh agus An Mhí
Cluichí Leathcheannais
A agus Laochra Loch Lao
B agus Maigh Eo















































