

Beidh Oíche Chlárúcháin Oscailte ar siúl an tseachtain seo chugainn do bhaill nua/reatha agus dóibh siúd nach bhfuil clárú déanta acu fós don bhliain atá le teacht 2026, ag 7-9pm Dé hAoine an 20 Feabhra i Áislann Chill Chartha
Más gá tuilleadh eolais a fháil nó má tá aon cheist agat, ná bíodh leisce ort teagmháil a dhéanamh go díreach le Dónal Mac Giolla Easpaig trí 085-2239745.
There will be an Open Registration Evening held next week for new/current members and for those who also still have to register for our upcoming year from 7-9pm on Friday 20th February in Áislann Chill Chartha. If you require additional information or have any queries please do not hesitate to get in contact directly with Daniel Gillespie via 085-2239745
Is féidir ballraíochtaí club a cheannach ar líne nuair is féidir, gach ballraíocht le híoc roimh 31 Márta, mura bhfuil tú in ann an córas ar líne a úsáid déan teagmháil le duine d’fheidhmeannaigh an chlub. Cliceáil ANSEO chun íoc ar líne.
Club memberships can be bought online where possible, all memberships to be paid before 31 March, if you are unable to use the online system contact one of the club executive. Click HERE to pay online.
Ballraíocht club do rátaí 2026. / Club membership for 2026 rates.
Foirm Ballraíochta agus Treoirlínte do Dhaoine Fásta a Íoslódáil
Foirm Ballraíochta agus Treoirlínte d’Imreoirí Fásta le hÍoslódáil
Ballraíocht agus Treoirlínte faoi Aois Íoslódáil

Tá Siopa Club Comórtas 2026 beo anois go dtí Dé Mairt 24 Márta:
https://oreillysofficial.com/product-category/club-shops/clg-chillchartha/

Tá lúcháir ar CLG Chill Chartha a fhógairt go bhfuil maoiniú LEADER €150,000 ceadaithe dúinn do fhorbairtí tábhachtacha i dTamhnaigh.
Mar chuid den mhaoiniú seo, déanfar:
✅ Cosán siúil úr a thógáil.
✅ Soilse ardleibhéil LED a chur suas.
✅ Rampa a thógáil chuig an seastán úr.
✅ Gairdín folláine céadfach a chruthú.
✅ Páirceáil inrochtana a fhorbairt.
✅ Scórchlár úr a chur suas.
Cuirfidh na forbairtí seo sláinte choirp, folláine mheabhrach, idirghníomhaíocht shóisialta agus cuimsiú do dhaoine de gach aois agus cumas chun cinn, ag soláthar tairbhí láithreacha agus fadtéarmacha don phobal.
Comh maith leis seo cuirfidh na forbairtí go mór lenár na n-áiseanna agus muid ag ullmhú do Chomórtas Peile na Gaeltachta réigiúnach agus náisiúnta a óstáil i mbliana.
Buíochas mór do gach duine a chuidigh leis an mhaoiniú seo a aimsiú — tá tréimhse thar a bheith spreagúil romhainn i gCLG Chill Chartha! 💙💛
CLG Chill Chartha is delighted to announce that we have recently been approved €150,000 in LEADER funding to support an exciting range of new developments at our grounds.
This funding will enable us to carry out:
✅ Construction of a new walkway
✅ LED high‑level lighting
✅ Construction of a ramp to the new spectator stand
✅ Creation of a sensory wellness garden
✅ Development of accessible parking
✅ Installation of a new scoreboard
These improvements will support physical activity, mental wellbeing, social interaction and inclusive use for people of all ages and abilities, delivering both immediate and long‑lasting benefits for the whole community.
The improvements will also enhance our facilities as we prepare to host the Regional and National Comórtas Peile na Gaeltachta competitions this year.
A huge thank you to everyone involved in securing this funding — exciting times ahead for CLG Chill Chartha! 💙💛
