Urraitheoirí Club

 

Ar an Aoine seo chaite d’fhreastail Aimée Ní Bheirn ár nOifigeach na Gaeilge & Cultúir ar imeacht spéisiúil i bPáirc an Chrócaigh fá choinne searmanas Fondúireacht Seosaimh Mhic Dhonncha le Glór na nGael. 

Bhí seachtó club i láthair ar an oíche, fuair 4 club bonn óir agus tháinig Cill Chartha abhaile le bonn airgid tar éis bonn cré-umha a fháil anuraidh. Níl sé seo ach an tús, agus le cúnamh Dé beidh muid ar ais i bPáirc an Chrócaigh i 2025 ag bailiú bonn óir.

Comhghairdeas do gach club atá tar éis bonn cré-umha, bonn airgid nó bonn óir a fháil!!

Ba mhaith le hAimée buíochas mór a gabhail d’achan duine a bhí páirteach chun an Ghaeilge a chur chun cinn sa cheantar, agus bí i dteagmháil léi má tá smaointí agat!

Last Friday our Oifigeach na Gaeilge & Cultúir Aimée Ní Bheirn attended a special event in Croke Park for the Fondúireacht Seosaimh Mhic Dhonncha ceremony.

There were 70 clubs present, 4 received gold medals and Kilcar came home with a silver medal after receiving a bronze last year. This is only the beginning, and hopefully we will be back in Croke Park in 2025 collecting a gold medal.

Congratulations to every club that is after receiving a bronze, silver or gold medal!!!

Aimée would like to thank everyone who has been promoting Gaeilge within the area, and please get in touch with Aimée if you have any ideas.

Buíochas lenár n-urraitheoirí go léir, táimid an-bhuíoch as bhur dtacaíocht leanúnach!