Tá comórtas ealaíne eagraithe againn mar chuid de Sheachtain na Gaeilge 2024.
Is é an téama den chomórtas seo ná: Mo cheantar féin.
Tá dhá aoisghrúpa i gceist 5-8 agus 8-12, is féidir an páiste aon sórt ealaíne a chruthú atá ceangailte leis an téama.
Beidh duaiseanna againn do na buaiteoirí, mar shampla dearbháin An Siopa Gaeilge nó cluichí cláir.
Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil chuig Béal an Phobail - Gaeltacht Iardheisceart Thír Chonaill don tacaíocht chun duaiseanna a cheannach.
Chomh maith leis sin ba mhaith linn buíochas a ghabháil chuig An Siopa Gaeilge áit ina bhfuil acmhainní iontach ann ó thaobh an Ghaeilge de.
Sonraí:
- Scriobh ainm an pháiste, aoisghrúpa agus baile fearainn ar an iontráil.
- Is feidir leat an iontráil a fhágáil san Áislann Chill Chartha.
- Ní mór do na hiontrálacha a bheith istigh faoi 5 pm Dé hAoine 15ú Márta.
- Má tá ceist agat téigh i dteagmháil le hAimée Ni Bheirn trí r-phost: